Written answers

Tuesday, 13 November 2018

Department of Education and Skills

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

249. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a chuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta uimhir mhúinteora ar fáil do mhúinteoir (sonraí curtha ar fáil) a rinne iarratas ar a leithéid i mí Lúnasa; cén chúis atá leis an moill í a eisiúint; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47190/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015, is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht a bhfuil údarás agus freagracht reachtúil aici as gairm na múinteoireachta in Éirinn a rialáil lena n-áirítear oidí a chlárú.

Cláraíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta oidí de réir Rialachán na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] 2016, Ionstraim Reachtúil 444/2016, arna leasú, lena ndéantar foráil maidir le bealaí éagsúla clárúcháin, lena n-áirítear bunoideachas, oideachas iarbhunscoile agus breisoideachas..

Faoi alt 30 de na hAchtanna Comhairle Mhúinteoireachta, ní mór d’iarratasóir ar phost múinteoireachta atá á mhaoiniú ag an Oireachtas a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Tá sé tábhachtach go leanann iarratasóir ar chlárú a bheith ag plé go díreach leis an gComhairle Mhúinteoireachta lena n-iarratas ar chlárú mar oide in Éirinn a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.