Written answers
Thursday, 8 November 2018
Department of Rural and Community Development
Clár Forbartha Tuaithe
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
250. To ask the Minister for Rural and Community Development an raibh aon chomhráite aige lena a chomh-Aire, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, maidir le síneadh a chur le scéimeanna séarchais tuaithe d’fhonn tuilleadh tithe a cheangal leis na scéimeanna atá ann i láthair na huaire; an raibh aon phlé aige freisin maidir le scéimeanna nua séarachais a chur ar fáil i sráidbhailte tuaithe nach bhfuil a leithéid acu cheana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46225/18]
Michael Ring (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Glacann m’oifigigh páirt i meitheal - a bhfuil an Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Aitiúil ag déanamh cathaoirleacht a uirthi - atá ag déanamh athbhreithnithe ar infhéistíocht i seirbhísí uisce tuaithe.
Is eol dom gur thacaigh CLÁR le beartais ar nós grúpscéimeanna uisce agus séarachais san am a chuaigh thart.Tá mé sásta a thuilleadh machnaimh a dhéanamh ar leathnú a dheánamh ar scóip ChLÁR d’fhonn a léithéid de bheartais a chur san áireamh, ag brath ar infhaighteacht airgeadais.
Tá tús curtha agam le hathbhreithniú ar ChLÁR a chabhróidh le bonn eolais a chur faoi chlár oibre ChLÁR in 2019 agus ‘sna blianta amach anseo. Déanfar cinntí maidir le beartais faoi leith a d’fhéadfaí a thacú leo faoi ChLÁR i 2019 go luath an bhliain seo chugainn.
No comments