Written answers

Thursday, 25 October 2018

Department of Public Expenditure and Reform

Seirbhísí Oileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

123. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cén dul chun cinn atá déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun áit páirceála shábháilte a chur ar fáil do rothair, carráistí capall agus busanna gar do láthair Dhún Aonghusa in Árainn; cad iad sonraí na gcomhráití a bhí ag an Oifig le Comhairle Contae na Gaillimhe leis na leas-sealbhóirí eile le trí mhí anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44387/18]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a tugadh le fios sa gceist parlaiminte níos luaithe, tá plean curtha le chéile ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun sábháilteacht a fheabhsú ag an mbealach bóthair go dtí suíomh Séadchomhartha Náisiúnta Dún Aonghasa.

Níl aon réiteach go fóill ar na saincheisteanna easaontais le páirtaithe leas-shealbhóirí áirithe. Cé go raibh comhráití leis an bpríomh úinéir talún, níl aon dul chun cinn déanta leis an togra.

Ta súil ag Oifig na nOibreacha Poiblí dul i dteagmháil le na leas-shealbhóirí go luath, le iarracht  a dhéanamh a theacht ar réiteach le go gcuirfí na hoibreacha riachtanach ar an mbóthar priomháideaach  san áireamh i bPlean Gnó 2019.

Ní raibh aon chomhráití le gairid idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an mbóthar poiblí chuig an suÍomh, mar go bhfuil sin taobh amuigh dá gcúram.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.