Written answers

Thursday, 25 October 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

376. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist go mbeidh an tacaíocht chéanna ar fáil do na Naíonraí Gaelacha agus atá ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun gur féidir leis na Naíonraí Gaelacha an réimse tacaíochta céanna a chur ar fáil do naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht agus a chuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta ar fáil taobh istigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44281/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is trí mhaoiniú ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Foras na Gaeilge araon a chuir Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil do na naíonraí Ghaelacha go dtí lár 2014. I mí Iúil 2014, aistríodh an cúram sin chuig Gaeloideachas nuair a ceapadh é mar cheanneagraíocht chun plé le gaeloideachas, tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.

Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Ghaeloideachas chun na cúraimí sin a chur i gcrích ach tuigtear dom nach bhfuil maoiniú á chur ar fáil ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige níos mó.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go ndearnadh iarratas cuimsitheach leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige anuraidh i ndáil le maoiniú a chur ar fáil do na naíonra Gaelacha agus go bhfuiltear ag leanúint suas ar an iarratas sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.