Written answers
Wednesday, 24 October 2018
Department of Rural and Community Development
Foireann Roinne
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
300. To ask the Minister for Rural and Community Development cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44392/18]
Michael Ring (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cúigear fhoireann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail tiomnaithe ar fáil chun seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar. Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail oiliúint ar theanga na Gaeilge ar fáil do chúigear den fhoireann i 2018. Tá an Roinn tiomanta chun seisiúin theagaisc lóin agus foghlama a sholáthar maidir leis an nGaeilge, agus tugtar cuireadh do gach ball den fhoireann freastal ar na seisiúin seo. D’eagraigh an Roinn cur i láthair ar Acht na dTeangacha Oifigiúil leis an gCoimisinéir Teanga le déanaí, agus cuirfear a thuilleadh seisiún ar siúl sna míosa atá romhainn.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
301. To ask the Minister for Rural and Community Development cén céadatán den státseirbhís atá inniúil chun seirbhísí in a Roinn a chur ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44404/18]
Michael Ring (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Rinne an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail suirbhé le déanaí ar fhoireann na Roinne, chun líon na ndaoine atá inniúil seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Roinn a dhearbhú. Bunaithe ar an suirbhé, dearbhaíodh go bhfuil cúigear ball den fhoireann inniúil seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge, is é sin 2.7% de bhaill foirne na Roinne (185 ina iomlán).
No comments