Written answers

Wednesday, 24 October 2018

Department of Communications, Climate Action and Environment

Dúnadh Oifigí an Phoist

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

279. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment cad iad na critéir i leith daonra a bhaineann leis an scéim de chuid An Post le hoifigí poist a dhúnadh i gceantair tuaithe; an ndeachaigh An Post i gcomhairle leis nó lena Roinn maidir leis na critéir sin; más rud é go ndeachaigh, ar aontaigh an Roinn leis an gcur chuige go mbeadh an cinneadh bunaithe ar dhaonra an bhaile ina bhfuil an oifig phoist suite seachas an ceantar a bhfuil sí ag freastal air; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44149/18]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

In Aibreán i mbliana, d’fhógair An Post fís athnuaite do líonra na n-oifigí poist, a dhíríonn ar infhaighteacht na seirbhísí nua mar chuid de líonra athnuaite nuachóirithe. Tá an doiciméad straitéise gaolmhar, A New Vision for Post Office Services, le fáil ar shuíomh gréasáin An Post agus leagtar amach ann na critéir éagsúla a bheidh le breithniú ag An Post mar a bhaineann sé le haon chomhdhlúthú ar sheirbhísí oifigí poist. Fuair an fógra tacaíocht ó chomhaontú a tháinig An Post agus An Ceardchumann na Máistrí Poist air tar éis dian-chaibidlí a mhair roinnt míonna, agus a thacaigh 80% de bhallraíocht an cheardchumainn leis ina dhiaidh sin. Is ábhar oibríochtúil do lucht bainistíochta agus don Bhord An Post é seo, agus ní raibh feidhm agam féin ná ag m’oifigigh sa phróiseas seo dá bharr.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.