Written answers
Wednesday, 24 October 2018
Department of Agriculture, Food and the Marine
Foireann Roinne
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
274. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44372/18]
Michael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Roinnse tiomanta do fhreagra a thabhairt i nGaeilge, le litir nó le ríomhphost, nuair a scríobhann custaiméir chuig mo Roinn i nGaeilge. Tá Aonad Gaeilge i bhfeidhm i mo Roinn chun aistriúcháin Ghaeilge a chur ar fáil nuair is gá.
Tá mo Roinn tiomanta ach go háirithe d'fheabhas a chur ar na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil i gceantair Ghaeltachta. Tá dhá Lárionad Chuan Iascaigh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá suite i gceantair Ghaeltachta. Maidir leis na baill foirne atá sa dá oifig sin: as an 15 bhall foirne atá ag obair sa dá oifig sin, tá 11 díobh ábalta gnó ar fad na Roinne a chur i gcrích i nGaeilge. Tá an ceathrar ball eile in ann comhrá a bheith acu i nGaeilge. Dá bhrí sin tá mo Roinn ábalta seirbhís iomlán a sholáthar trí Ghaeilge sna hoifigí dá cuid atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.
Le súil is cumas na Gaeilge a choinneáil agus a fheabhsú sa dá Lárionad Chuan Iascaigh sin, tá mo Roinn tiomanta do dhul i mbun oibre ar an mbonn seo a leanas maidir le gach comórtas amach anseo i gceantair Ghaeltachta. Beidh riachtanais i dtaobh na Gaeilge agus an Bhéarla, riachtanais a bheidh ar chomhchéim, i gceist le haon chomórtas a bhaineann le poist a bheidh lonnaithe in oifig atá suite i gceantar Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn gach iarracht a chinntiú go mbeidh gach duine a earcaítear amach anseo in oifigí i gCeantair Ghaeltachta inniúil sa Ghaeilge. Ní mór don Roinn fós an ceart atá aici post sa Ghaeltacht a thabhairt do dhuine nach bhfuil aon Ghaeilge aige a fhorchoimeád mura dtiocfaidh duine a bhfuil Gaeilge aige agus atá cuícháilithe chun cinn. Táthar ag súil nach mbeidh gá sin a dhéanamh ach caithfidh an Roinn a chinntiú go gcomhlíonann sí a cuid feidhmeanna sna Lárionaid Chuanta Iascaigh.
Ina theannta sin, le súil is a bheith ábalta é a chur ar chumas chustaiméirí atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge, tá sé phost aitheanta ag mo Roinn ina gcaithfidh na daoine sna poist sin cumas dátheangach a bheith acu. Tá ceithre cinn de na sé phost sin lonnaithe lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta dá dtagraítear thuas. Ar ndóigh, tá baill foirne eile ar fud mo Roinne a bhfuil leibhéil éagsúla cumais acu maidir lena ngnó a dhéanamh i nGaeilge.
Féach an tábla thíos chun eolas a fháil maidir leis an bhfoireann a bhfuil cúrsaí Gaeilge tugtha i gcrích acu agus a bhfuil cáilíocht bainte amach acu in Inniúlacht na Gaeilge.
Bliain | Cúrsa | Coláiste | Rannpháirtithe |
---|---|---|---|
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil | Gaelchultúr Teoranta | 1 | |
2016 | |||
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil | Gaelchultúr Teoranta | 1 | |
Cúrsa Gaeilge | The Language Centre | 1 | |
2017 | |||
Cúrsa Gaeilge | FEICIM | 1 | |
2018 | |||
Teastas i nGaeilge Ghairmiúil | Gaelchultúr Teoranta | 3 | |
Teastas i nGaeilge Ghairmiúil | Gaelchultúr Teoranta | 23 | |
Gaeilge (Meánleibhéal B1) | The Language Centre | 1 | |
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil Leibhéal 6 | Gaelchultúr Teoranta | 1 |
No comments