Written answers
Wednesday, 24 October 2018
Department of Jobs, Enterprise and Innovation
Foireann Roinne
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
213. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44374/18]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
214. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation cén céadatán den státseirbhís atá inniúil chun seirbhísí in a Roinn a chur ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44395/18]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Molaim ceisteanna Uimh. 44395 agus 44374, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán dá Scéim Teanga Gaeilge lena gclúdaítear an tréimhse 2015 – 2018, a ullmhaíodh de réir Ailt 15 d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a thógann ar phrionsabail seirbhís ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus ar an dtiomantas i gCairt Chustaiméara na Roinne lena chinntiú go bhféadfaidh custaiméirí a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo. De réir na Scéime seo, tá mo Roinn tiomanta measúnú leanúnach ar leibhéal an éilimh le haghaidh seirbhísí trí Ghaeilge a dhéanamh ar bhealach pleanáilte, comhtháite agus inrochatana.
Dheimhnigh suirbhé ar an bhfoireann a rinneadh níos luaithe sa bhliain seo chun leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a ndeileálann an Roinn leis a fháil amach, gurbh an-íseal a bhí an líon cumarsáidí a fuarthas i nGaeilge bíodh said i scríbhinn, ar an nguthán nó ar bhonn duine le duine.
I 2017, thóg an t-Aonad Foghlama agus Forbartha faoi suirbhé a dhéanmah lena chinntiú an líon cainteoirí Gaeilge sa Roinn. Ag an am sin, aithníodh go raibh 7 mball foirne líofa sa Ghaeilge. De bhreis air sin, lena chinntiú go bhfuil teacht ar mo Roinn agus go bhfuil sí cumasach ó thaobh dul i dteaghmháil leis na custaiméirí go léir le hinniúlacht, cuireann an t-Aonad Foghlama gus Forbartha Oiliúint sa Ghailge ar fáil. Táthar ag cur na hoiliúna sin ar fáil le go mbeidh cohórt ball foirne ar fáil againn a fhéadann cabhrú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge, chomh maith le tacú le baill foirne a gcuid scileanna teanga agus a scileanna seirbhísí custaiméara a fhorbairt. Sa mhéid seo, tá cohórt de 14 bhall foirne, gurb ionann iad le 1.5% de líon iomlán na mball foirne sa Roinn, (909).
De bhreis air sin, tá 18 mball foirne, gurb ionann iad le beagnach 2% de líon iomlán na mball foirne sa Roinn ag fáil oiliúna nó a bhfuil oiliúint sa Ghaeilge bainte amach acu i 2018 (féach an tábla thíos)
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil
Leibhéal | Líon na mBall Foirne |
---|---|
Leibhéal 3 | 3 |
Leibhéal 4 | 7 |
Leibhéal 5 | 4 |
Leibhéal 6 | 2 |
Cúrsa ar líne do Thosaitheoirí | 2 |
Iomlán | 18 |
No comments