Written answers

Wednesday, 24 October 2018

Department of Foreign Affairs and Trade

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

111. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44386/18]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

112. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade cén céadatán den státseirbhís atá inniúil chun seirbhísí in a Roinn a chur ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44400/18]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim Ceisteanna Uimh. 111 go 112, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Cé nach ndéanann mo Roinn inniúlacht sa Ghaeilge a mheas go foirmiúil don chuid is mó de rólanna, ta líon suntasach dár bhfoireann inniúil lena gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is féidir leis na hoifigigh seo iad féin a chur chun tosaigh le gloanna a ghlacadh as Gaeilge agus seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge nuair is gá, agus go dtí seo tá sé déanta ag 56 oifigeach. Tá trí ról faoi leith ag mo Roinn ag a bhfuil an Ghaeilge riachtanach; an tOifigeach Gaeilge agus dá ról seirbhís chustaiméara sa tSeirbhís Pas. Líonadh na rólanna sin ag oifigigh a rinneadh measúnú ar a gcuid inniúlacht sa Gaeilge ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Ina theannta sin, úsáideann oifigigh atá lonnaithe inár misin thar lear an Ghaeilge go minic chun seirbhísí a sholáthar do bhaill an diaspóra. Oibríonn ár ngréasán d’ambasáid agus consalachtaí le páirtnéirí Gaeilge chomh maith le cur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge thar lear. Tá tacaíocht tugtha ag mo Roinn do roinnt eagraíochtaí agus tionscadail Gaeilge le tacú le cláranna Gaeilge tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.