Written answers

Tuesday, 23 October 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Gaeltachta

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

721. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí sonraí a sholáthar maidir leis an bpleanáil do thonnchosc i Machaire Rabhartaigh i gContae Dhún na nGall; an dtabharfaidh sí sonraí breise i dtaobh cén maoiniú atá ar fáil don staid phleanála den togra, cén dul chun cinn atá déanta aici ar an togra seo ón t-ám deireanach a chuir mé an cheist seo; cén uair a cheadaigh a roinn an maoiniú seo agus cén clár ama beacht atá ann maidir le dul chun cinn an togra seo, mar a comhaontaíodh le comhairle contae Dhún na nGall, ós rud é go bhfuil cead tugtha anois ag an roinn an togra a bhogadh ar aghaidh go dtí an staid phleanála; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43851/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is faoi chúram Comhairle Contae Dhún na nGall atá Cé Mhachaire Rabhartaigh.  Tá forbairt na cé luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta mar cheann de na tograí oileáin a mhaoineofar faoin Phlean.  Tá mo Roinn ag oibriú le Comhairle Chontae Dhún na nGall agus le geallsealbhóirí ábhartha chun forbairt na cé a bhrú chun cinn.  Beidh gá don Chomhairle scóip an tionscadail a mheas agus, chuige sin, beidh gá innealtóirí comhairleacha a cheapadh.  Tá céimeanna sa treo sin idir lámha ag an gComhairle Chontae.  Ní féidir clár ama don tionscadal a leagan amach ag an bpointe seo ach mar aon le haon togra mór infreastruchtúir eile, cuirfear an togra seo i gcríoch go céimiúil faoi réir riachtanais an Chóid um Caiteachais Phoiblí. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.