Written answers

Tuesday, 23 October 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Oileán

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

719. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici chun feabhas a chur ar Ché na Reannaí ag Athphort ar oileán Árainn Mhór; an dtabharfaidh sí sonraí maidir leis na pleananna chun an togra a thabhairt chun críche agus aon dul chun cinn atá déanta aici ón am deireanach a chuir mé an cheist seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43849/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá deontais éagsúla ceadaithe ag mo Roinn do Chomhairle Chontae Dhún na nGall thar na blianta, don togra luaite.  Tuigtear go bhfuil gá ceadúnas urthrá a fháil ina leith, nach bhfuil an ceadúnas sin faighte go fóill ag an gComhairle Chontae agus go bhfuil tuilleadh suirbhéanna le déanamh mar chuid den iarratas ar an gceadúnas.  Níl iarratas ar chúnamh faighte ag mo Roinn ón gComhairle maidir leis an togra.  Má fhaigheann mo Roinn a leithéid d’iarratas, déanfar é a mheas chomh báúil agus is féidir, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil d'fhorbairt na n-oileán agus na héilimh éagsúla ina dtaobh.  

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.