Written answers

Tuesday, 23 October 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

714. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht de thoradh Cheist Pharlaiminte Uimh. 682 an 16 Deireadh Fómhair 2018, an ndearna CATT cinneadh maidir leis an treoir a thug an Roinn agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; an mbaineann na cúinsí pá céanna leis na heagraíochtaí trasteorann eile; ar pléadh an ciorrú pá seo leis na ceardchumainn sular tugadh an treoir seo; an dóigh leí an Aire go bhfuil sé cothrom go bhfuil oibrithe Fhoras na Gaeilge ar scála pá níos ísle ná oibrithe na n-eagraíochtaí a bhfuil siad ag tabhairt maoiniú dóibh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43541/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is iad na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse a shocraíonn na prionsabail foirne do na forais trasteorann faoi na socruithe coiteanna a leagtar síos i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 don Sceideal d'Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Tuigtear dom go mbaineann na cúinsí pá céanna leis na forais trasteorainn ar fad.   

Mar a chuir mé in iúl i mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 682 ar an 16 Deireadh Fómhair, tá cúrsaí pá don fhoireann ó dheas ceangailte go díreach le catagóir a mballraíochta sa Scéim Pinsin Thuaidh Theas, sin é, an bhfuiltear sa bhunscéim nó sa scéim le cearta forchoimeádta.  Tar éis plé leis na ceardchumainn i 2014, tuigtear dom gur thángthas ar chomhaontú, le teorainn ama, chun deis aonuaire a thabhairt d'fhostaithe ó dheas na bhforas trasteorann  go bhféadfaidís rogha a dhéanamh maidir lena mballraíocht i gceachtar scéime.  Tuigtear dom go n-eascraíonn buntáistí difriúla ón dá scéim.

Sa chomhthéacs réamhluaite, baineann ceisteanna maidir le pá fostaithe Fhoras na Gaeilge le cúinsí oibríochtúla inmheánacha na háisíneachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.