Written answers
Tuesday, 16 October 2018
Department of An Taoiseach
Coistí Rialtais
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
108. To ask the Taoiseach cá mhéad uair a tháinig an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht le chéile gach bliain le trí bliana anuas; an bhfuil sé fós ina Chathaoirleach ar an gCoiste sin; agus cá mhéad uair a d’fhreastail sé ar chruinnithe coiste ó toghadh ina Thaoiseach é. [42157/18]
Leo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Pléann Coiste Comh-Aireachta B le réimsí Beartas Sóisialta agus Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí lena n-áirítear oideachas, leanaí, ionchuimsiú sóisialta, an Ghaeilge, na healaíona agus cultúr agus feabhsú leanúnach ar sheirbhísí poiblí agus athchóiriú seirbhísí poiblí.
I mí Iúil 2017 a bunaíodh an Coiste. Tháinig an Coiste le chéile faoi dhó sa bhliain 2017 (11 Meán Fómhair agus 16 Samhain); agus faoi dhó go dtí seo sa bhliain 2018 (26 Márta agus 7 Meitheamh).
Sular bunaíodh Coiste Comh-Aireachta B -
- tháinig Coiste Comh-Aireachta ar na hEalaíona, an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin le chéile an 13 Deireadh Fómhair, 2016 agus faoi dhó ina dhiaidh sin an 27 Feabhra, 2017 agus an 25 Bealtaine, 2017; agus roimhe sin,
- tháinig Coiste Comh-Aireachta ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht le chéile an 30 Márta, 2015.
Ba é an Taoiseach a bhí ina chathaoirleach ar na cruinnithe Coiste Comh-Aireachta dá dtagraítear.
No comments