Written answers
Tuesday, 16 October 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
682. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí ar an eolas go bhfuil go leor oibrithe i bhForas na Gaeilge, atá ar phá laghdaithe ar threoir a Roinne, nach bhfuil ar Aguisín 2A de Chiorclán 22/2017, cé gur fostaíodh iad i ndiaidh 1995 atá ag íoc ÁSPC d’aicme A agus atá ag íoc pinsin; agus an dtabharfaidh sí treoir don Roinn na hoibrithe cuí ar Aguisín 2A a íoc láithreach agus socrú a dhéanamh chun na híocaíochtaí siarghabhálacha a bhaineann leis seo agus a théann siar na blianta a réiteach freisin. [42120/18]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I dtús báire, ba choir dom a mhíniú go mbaineann ceisteanna maidir le pá fostaithe Fhoras na Gaeilge le cúinsí oibríochtúla inmheánacha na háisíneachta.
Tuigtear dom go mbaineann Ciorclán 22/2017 le státseirbhísigh agus, ag brath ar a gcúinsí, d'fhéadfadh sé nach mbaineann sé le comhlachtaí Stáit eile.
Ar ndóigh, ní hionann socruithe pá agus pinsin na státseirbhíse agus socruithe do na forais trasteorann, ag eascairt as a stádas uathúil ag fostú foirne sa dá dhlínse. Go hachomair, i gcás na bhforas trasteorann, tuigtear dom go bhfuil cúrsaí pá don fhoireann ó dheas ag brath ar chatagóir a mballraíochta sa Scéim Pinsin Thuaidh Theas, sin é, an bhfuiltear sa bhunscéim nó sa scéim le cearta forchoimeáta.
Is féidir liom a rá, áfach, go bhfuil treoir shoiléir faighte ag Foras na Gaeilge, ó mo Roinn agus ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i ndáil le Ciorclán 22/2017 agus go bhfuil an treoir sin á cur i bhfeidhm.
No comments