Written answers

Wednesday, 3 October 2018

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim Comhshaoil ​​Talmhaíochta Carbóin Glas Íseal

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

231. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a íocfar an fuílleach den deontas GLAS do 2017 le duine (sonraí tugtha); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40185/18]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 3 agus an 1 Eanáir 2017 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá an réamhíocaíocht faighte ag an té sin i leith 2017 lena n-áirítear GLAS plus.

Tuigim nár cuireadh an duine atá ainmnithe san áireamh sa Phlean Bainistíochta Coimíneachta a cuireadh ar aghaidh dá choimíneacht. Tá Oifigigh na Roinne ag obair ar réiteach le go mbeidh an Comhairleoir Coimíneachta ábalta an duine atá ainmnithe a chur leis an bPlean seo. Ba cheart go mbeadh fáil air seo go luath. Bhí oifigigh na Roinne i dteagmháil leis an gComhairleoir Coimíneachta chun an staid a chur in iúl dó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.