Written answers

Wednesday, 3 October 2018

Department of Education and Skills

Oideachas Riachtanas Speisialta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

137. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil i gceist duine a ainmniú ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta a dhéanfadh ionadaíocht d’earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40184/18]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tús curtha leis an bpróiseas chun comhaltaí de chuid Chomhairle Náisiúnta um oideachas Speisialta nua a cheapadh/a athcheapadh do 2019 go 2022.

Beidh Cathaoirleach agus 12 ghnáthchomhalta ar an gComhairle Náisiúnta um oideachas Speisialta, 6 fear ar a laghad agus 6 mban ar a laghad.

Ceapfar comhaltaí Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta faoi Alt 21 d'Acht EPSEN (An tAcht do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu), 2004 agus faoi na Treoirlínte maidir le Ceapachán do Bhoird Stáit 2014.

Éilítear le hAcht EPSEN go mbeidh spéis nó eolas ar leith ag gach Ball den Chomhairle a bhaineann le hoideachas leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Déantar foráil le hAlt 21 d’Acht EPSEN go gceapfaidh an tAire na daoine a leanas:

- Comhalta amháin arna ainmniú ag an Aire Sláinte,

- Beirt chomhaltaí arna n-ainmniú ag an Údarás Náisiúnta Míchumais agus

- Tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha ar nós Eagraíochtaí Aitheanta Bainistíochta Scoile, Ceardchumainn Aitheanta agus Cumainn na mBall Foirne a dhéanann ionadaíocht do mhúinteoirí agus do Chumainn Náisiúnta Tuismitheoirí, féadfaidh an tAire suas le ceathrar Ball a cheapadh má mheasann sé gur cuí é sin a dhéanamh.

Soláthraíonn an tAcht freisin go ndéanfaidh an tAire seisear comhaltaí de Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta a cheapadh go díreach, i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Ceapachán do Bhoird Stáit 2014. De ghnáth, ceanglaítear sna treoirlínte gur cheart baill na mBord Stáit a roghnú faoi phróiseas ceapacháin faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, faoi réir eisceachtaí atá leagtha amach faoi Alt 9 de na Treoirlínte.

Is iad a leanas na heisceachtaí atá ábhartha don phróiseas ceapacháin reatha:

- leagtar síos sa reachtaíocht meicníocht shonrach chun folúntais a líonadh ar Bhord Stáit. (sa chás seo Alt 21 de EPSEN)

- tá an tAire ag ceapadh oifigeach óna Roinn.

- féadfar comhaltaí a athcheapadh don dara téarma i gcás go mbíonn an tAire sásta tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCathaoirleach gur léirigh an comhalta Boird sin a (h)éifeachtúlacht agus a rannchuidiú mar bhall de Bhord an Stáit lena ndearbhaítear a (h)athcheapadh.

Tugadh cuireadh do na Páirithe Leasmhara ábhartha uile, lena n-áirítear ionadaithe ó earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, beirt ainmnithe (bean amháin agus fear amháin) a ainmniú de réir cheanglais Alt 21 d'Acht EPSEN.

Tosóidh próiseas go gairid le roinnt ainmnithe a roghnú faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé oscailte do dhaoine aonair iarratas a dhéanamh trí phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, más mian leo go ndéanfaí iad a mheas mar ainmniúchán agus le ceapadh ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta.

Ar chríochnú an phróisis chun ainmnithe a roghnú, ceapfaidh mé Comhairle Náisiúnta um oideachas Speisialta nua le haghaidh mhí Eanáir 2019.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.