Written answers

Tuesday, 2 October 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Ealaín na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

89. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ó tharla eagraíocht (sonraí tugtha) a bheith scortha, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar na socruithe atá déanta; an bhfuil cúraimí na heagraíochta sin curtha faoi scáth Ealaín na Gaeltachta; cad é an plean gearrthéarmach agus fadtéarmach chun nach mbeidh aon bhriseadh sa soláthar ranganna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39818/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceadaíodh deontas suas le €325,000 d’Ealaín na Gaeltachta i mí Iúil seo caite chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta do dhaoine óga a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta le linn na scoilbhliana reatha. Tá sé seo á dhéanamh i gcomhréir le beart 2.10 den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge a sheol mé i mí Meithimh, thar ceann an Rialtais.

Faoin gclár nua, déanfar leathnú agus forbairt chéimiúil ar an soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na gceantar Gaeltachta uile. I measc ghnéithe an chláir, beidh an méid seo a leanas:

- iniúchadh ar na deiseanna oiliúna sna healaíona traidisiúnta atá ar fáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta ar fad i láthair na huaire;

- soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil i nGaeltacht na Gaillimhe ó mhí Eanáir 2019.

- soláthar ranganna trí Scoil Cheoil na Crannóige i nDún na nGall agus trí Ionad Cultúir an Dochtúir Ó Loingsigh i gCorcaigh

Tá Ealaín na Gaeltachta tosaithe i mbun taighde agus obair ullmhúcháin eile faoi láthair. Cé go mbeifear in ann leanúint sa ghearr tréimhse leis an soláthar atá ar fáil cheana féin i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Chorcaí do scoilbhliain 2018/19, ní bheidh ar a gcumas tús a chur le ranganna i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí Eanáir 2019 de bharr na socruithe maidir le hearcú teagascóirí agus cúrsaí riaracháin eile atá le cur i gcrích lena chinntiú go gcuirfear seirbhís chuí, ar ardchaighdeán, ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí araon.

Idir an dá linn, tá an Roinn, i gcomhar le páirtithe leasmhara, ag obair go gníomhach ar shocrú chun gur féidir ranganna a chur ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe idir seo agus deireadh na bliana. Táthar ag súil leis go mbeifear in ann foirmle réitigh ina leith a fhógairt go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.