Written answers
Tuesday, 2 October 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
72. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na ceantair sa Ghaeltacht a bhfuil airgead reatha pleanála teanga ceadaithe dóibh ag Údarás na Gaeltachta le pleananna teanga a chur i bhfeidhm iontu; cé mhéad airgid atá ceadaithe in aghaidh na bliana i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39408/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chun freastal a dhéanamh ar fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga, tá allúntas faoi leith ar fiú €1,513,351 san iomlán ceadaithe ag mo Roinn d’Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha. Tá €730,434 den allúntas sin íoctha ag mo Roinn leis an Údarás cheana féin i mbliana agus táthar ag súil go mbeifear in ann fuílleach an allúntais a íoc roimh dheireadh na bliana ach tuairisc shásúil a bheith faighte. Bainfear leas as an allúntas seo chun go mbeidh an tÚdarás in ann leanúint air ag tacú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta uile, móide an trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta atá faoina gcúram, i gcomhréir leis na dualgais atá sannta don Údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012.
I gcomhréir leis an socrú a rinneadh ag tús na bliana, cuirfear ciste bliantúil ar fáil do cheanneagraíochtaí pleanála teanga ar fiú idir €100,000 agus €150,000, ag brath ar chritéir cháilithe faoi leith, chun tús a chur le feidhmiú pleananna atá faofa faoin Acht.
Seo a leanas dá réir an dáileadh airgid atá i gceist i leith an 10 limistéar a bhfuil pleananna ceadaithe ina leith go dtí seo faoin bpróiseas:
LPT | Allúntas ceadaithe do bhliain a haon d’fheidhmiú an Phlean Teanga |
---|---|
Cois Fharraige | €150,000 |
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir | €140,000 |
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh | €100,000 |
Ciarraí Thiar | €150,000 |
Ciarraí Theas | €100,000 |
Na Déise | €100,000 |
Árainn Mhór | €100,000 |
Múscraí | €100,000 |
Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh | €100,000 |
Maigh Eo Thuaidh | €100,000 |
Iomlán | €1,140,000 |
Den suim sin tuigtear don Roinn go bhfuil €120,000 in iomlán cúitithe ag an Údarás leis an gceithre cheanneagraíocht pleanála teanga a leanas ó thús na bliana:
LPT | Maoiniú d’fheidhmiú pleananna teanga atá dáilte ag ÚnaG |
---|---|
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir | €30,000 |
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh | €30,000 |
Ciarraí Theas | €30,000 |
Na Déise | €30,000 |
Iomlán | €120,000 |
Ní miste a lua, agus an t-ábhar seo faoi chaibidil, nach foláir próiseas earcaíochta, dintiúirí airgeadais agus clár oibre comhaontaithe a bheith socraithe idir gach ceanneagraíocht agus an tÚdarás sular féidir tús a chur le híoc an allúntais. Tagann an cleachtas seo ar fad le dea-chleachtais airgeadais agus riaracháin an Chóid um Chaiteachas Poiblí.
Le hullmhú, le ceadú, agus le comhaontú clár oibre idir ceanneagraíochtaí pleanála teanga agus an tÚdarás ag bailiú nirt i rith an ama, táthar ag súil leis go gcuirfear dlús céimiúil le gach gné de cur i bhfeidhm an phróisis san achar ama atá romhainn.
No comments