Written answers

Tuesday, 2 October 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foilseacháin Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

97. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí sonraí faoin tacaíocht a thugann a Roinn d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus do na cuideachtaí atá i mbaol a ndúnta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39834/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ról reachtúil ag Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus aithnítear an tábhacht leis an scríbhneoireacht agus leis an bhfoilsitheoireacht mar chuid lárnach den ról sin.

Is cuid dhílis d’Fhoras na Gaeilge é an Gúm ó bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999 agus tá stair shaibhir ag an eagraíocht sin maidir le foilseacháin agus áiseanna a chur ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Le linn 2017, chuir An Gúm 14 fhoilseachán ar fáil i réimse an oideachais, idir leabhair chlóite, phóstaeir, ábhar ar líne agus chlosábhar. Tá sé aontaithe idir Fhoras na Gaeilge agus An Roinn Oideachais agus Scileanna tionscadal trí bliana eile a thionscnamh chun forbairt a dhéanamh ar an gclár teagaisc Ghaeilge do na bunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge (Séideán Sí) agus beidh idir fhoilseacháin chlóite agus áiseanna ar líne mar chuid den tionscadal sin.

Tá saindualgas ar Clár na Leabhar Gaeilge, a tháinig faoi chúram Foras na Gaeilge i 2007, chun tacú leis an bhfoilsitheoireacht i nGaeilge trí scéimeanna maoinithe ar nós, mar shampla, Scéim na Foilsitheoireachta, Scéim na gCoimisiúin, Scéim na dTionscadal Litríochta, Scéim Meantóireachta agus Scéim ‘Scríobh leabhar’. Bhí buiséid iomlán de c €850,000 ag baint leis na scéimeanna sin i 2017.

Cuireann ÁIS (Áisíneacht Dáileacháin Leabhar) – rannóg eile laistigh d’Fhoras na Gaeilge - seirbhís leanúnach ar fáil le soláthar cuí leabhar a chur ar fáil ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Tuigtear dom go raibh díolacháin de c.€900,000 ag ÁIS i 2017 chuig breis is 250 custaiméirí/siopaí leabhar. Tríd an obair sin, deimhnítear go scaiptear saothar na bhfoilsitheoirí ar thacaigh an Foras leo go forleathan.

Le poiblíocht agus margaíocht a dheimhniú do na leabhair a chuireann na foilsitheoirí amach, tá Foras na Gaeilge ag cur maoinithe nach mó ná €240,000 ar fáil do Chumann na bhFoilsitheoirí don tréimhse 2017 - 2019 chun tacaíocht mhargaíochta a sholáthar d'earnáil na foilsitheoireachta Ghaeilge.

Cuireann Foras na Gaeilge go leor tacaíochtaí eile ar fáil don earnáil fhoilsitheoireachta i nGaeilge, ina measc:

- Scéim na bhFéilte - féiltí litríochta éagsúla ar nós Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail;

- Focail Eile - clár comhpháirtíochta idir eagraíochtaí cultúrtha i réigiúin Eorpacha chun líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha;

- IMRAM - féile litríochta náisiúnta na Gaeilge;

- Gradaim liteartha náisiúnta na foilsitheoireachta - Gradam Uí Shuilleabháin (leabhar do dhaoine fásta), Gradam Reics Carlo (leabhar do dhaoine óga) agus Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge;

- I 2017 craoladh an tsraith Léirmheas Leabharar TG4 a ndearna Foras na Gaeilge urraíocht uirthi.

Ar ndóigh, tacaíonn Foras na Gaeilge le foilsiú 3 mórfhoilseachán náisiúnta a bhaineann le réimsí éagsúla an tsaoil, eadhon, Tuairisc.ie (Scéim Nuachta Ar Líne), NÓS.ie (Scéim Iris Stílmhaireachtála) agus Comhar.ie (Scéim Iris Ghaeilge). Bhí buiséid iomlán de c.€500,000 ag baint leis na scéimeanna sin i 2017 agus tá na foilseacháin ar fáil ar líne saor in aisce do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.

Maidir leis an gcuid sin den cheist a bhaineann le comhlachtaí ata faoi chontúirt dúnta, tá ráite ag Foras na Gaeilge liom go n-aithníonn siad go bhfuil tiomantas ar leith agus sainscileanna san earnáil ach go bhfuil idir na buanna agus na dúshláin a bhaineann le gnóluchtaí beaga ag roinnt leo freisin. Cé go bhféachann Foras na Gaeilge ar aon eolas faoi inmharthanacht comhlachtaí ar leith mar eolas íogair tráchtála, ar ndóigh, agus go gcaitear leis leis an discréid chuí, is féidir liom a dheimhniú go mbíonn cruinnithe rialta ag Foras na Gaeilge le hionadaithe ó Chumann na bhFoilsitheoirí agus gur pléadh na dúshláin atá ann dóibh siúd atá ag gníomhú san earnáil. Tá cinneadh déanta, dá réir, leanúint leis an phlé sin chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin sin a réiteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.