Written answers
Thursday, 20 September 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Oileán
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
254. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an méid airgid a ceadaíodh i mbliana le caoi a chur ar bhóithre ar oileáin na Gaillimhe, agus é briste sios de réir oileáin; cad iad na sonraí maidir leis na hoibreacha atá i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38081/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanann an tábla ar leanúint cur síos ar na hoileáin i gContae na Gaillimhe ar ceadaíodh deontais ina leith i mbliana, an obair atá le cur i gcríoch agus suim an deontais a ceadaíodh. Tá na deontais ceadaithe ar bhonn 75% den chostas inghlactha:
Oileán | Cur síos ar na hoibreacha | Deontas na Roinne |
---|---|---|
Inis Bó Finne | Oibreacha ar bhóthar ag an cé nua | €750 |
Inis Bó Finne | Oibreacha ar 360m de bhóthar Clossey | €17,250 |
Inis Bó Finne | Dromchla nua le cur ar 325m den bhóthar idir an séipéal agus an cé nua. | €4,988 |
Inis Bó Finne | Dromchla úr ar 150m le clocha méilte (Mir 804) agus coiriú ansin le dromchla dúbáilte agus dromchla singil ar 150m eile den bhóthar ó theach Kieran Concannon go Dolphin Hotel agus cóiriú ar an mbóthar ó chúl an Inishbofin Hotel go teach Kieran Concannon. | €10,875 |
Inis Bó Finne | Dromchla nua le clocha meilte (Mir 804) agus coiriú le dromchla dúbáilte le cur ar an mbóthar ag Westquarter Village | €6,750 |
Inis Bó Finne | Cóiriú dromchla singil a chur ar 295m den bhóthar soir ón Aerstráice | €3,000 |
Inis Bó Finne | Obair Dhraenála agus obair ar acomhal ar bhóthar Clossey | €3,000 |
Inis Bó Finne | Coiriú de dhromchla singil a chur ar 80m den bhóthar idir East End Beach agus Cloonamore High Road Junction. | €1,125 |
Inis Bó Finne | Coiriú de dhromchla dúbailte a chur ar 405m de bhóthar Cloonamore. | €8,512 |
IOMLÁN | €56,250 |
Tuigfidh an Teachta go bhfuil mo Roinn ag brath ar na húdaráis áitiúla le hiarratais a dhéanamh ar a cúnamh chun bóithre ar na hoileáin a dheisiú.
No comments