Written answers

Tuesday, 18 September 2018

Department of Agriculture, Food and the Marine

Ceadúnais Cladaigh

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

584. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil ceadúnas cladaigh ag cuideachta (sonraí tugtha) chun píopa uisce a leagan ar an gcladach agus faoin bhfarraige go cliabháin éisc; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37019/18]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinnse ar an eolas maidir le gníomhartha na cuideachta a ndearna an Teachta tagairt di chun fionnuisce a iompar trasna na hUrthrá trí phíopa chun críocha stoc a chóireáil ar oibríocht cheadúnaithe iasc eite i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. De bharr nach léirítear i dtaifid na Roinne an toiliú Urthrá atá de dhíth a bheith ann maidir leis an ngníomhaíocht sin, tá ordú tugtha don chuideachta an píopa a bhaint as agus an Urthrá a chur ar ais mar a bhí.

Tá mo Roinnse ag obair go dlúth leis an gcuideachta ar an ábhar i gcónaí agus é mar aidhm aici go lánchomhlíonfaidh an chuideachta an reachtaíocht infheidhme a rialaíonn úsáid Urthrá an Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.