Written answers

Friday, 7 September 2018

Department of Education and Skills

Oiliúint Múinteoirí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

308. To ask the Minister for Education and Skills céard atá sé chun a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil soláthar múinteoirí le Gaeilge ar fáil chun ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge sna meánscoileanna ar na hoileáin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36340/18]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tá roinnt beart tugtha chun cinn agam a thacóidh le soláthar múinteoirí i scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht i gcoitinne, na hoileáin san áireamh. I dtaca leis sin, tá méadú déanta agam ar líon na n-áiteanna atá ar fáil ar an gclár i gcomhair oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunoideachais trí mheán na Gaeilge ar a dtugtar Máistir Gairmiúil san Oideachas, atá á thairiscint cheana féin in OÉ Gaillimh. Ina theannta sin, fógraíodh dhá chlár oideachais múinteoirí trí mheán na Gaeilge le déanaí. Cuirfidh na cláir nua suas le 60 áit nua in aghaidh na bliana ar fáil d’oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge. Beidh siad á soláthar ag Institiúid Oideachais Marino agus ag Coláiste Mhuire gan Smál. Déanfaidh Institiúid Oideachais Marino clár ceithre bliana don Bhaitsiléir Oideachais (B.Ed) trí mheán na Gaeilge a sholáthar in 2019 agus reáchtálfaidh Coláiste Mhuire gan Smál Máistreacht san Oideachas (M.Ed.) trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, lena n-áirítear príomhoidí, ag tosú in 2018.

Chomh maith leis sin, bhunaigh mé an Grúpa Stiúrtha um Sholáthar Múinteoirí níos luaithe i mbliana, a bhfuil Ard-Rúnaí mo Roinne mar chathaoirleach air.

Tá na ceisteanna a bhfuil tionchar acu ar sholáthar múinteoirí, lena n-áirítear: polasaí i leith oideachas tosaigh múinteoirí, soláthar, cistiú agus tacaíocht; riachtanais/sonraí taighde; polasaithe agus socruithe do scoileanna agus do mhúinteoirí a bhfuil tionchar acu ar shoghluaisteacht/sholáthar múinteoirí; agus cur chun cinn ghairm na múinteoireachta á mbreithniú ag an nGrúpa. Déanfaidh an Grúpa Stiúrtha maoirseacht ar chlár gníomhaíochtaí de réir amlínte dochta agus spriocanna soiléire inghnóthaithe.  Agus iad ag tabhairt faoin obair seo, tá an Grúpa eolach ar an riachtanas go sásódh gach duine, ar mian leis nó léi bheith ag teagasc i scoileanna aitheanta, na caighdeáin ghairmiúla agus na critéir i gcomhair clárúcháin atá leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta, atá mar chomhlacht rialála gairme do ghairm na múinteoireachta.

Ag an bpointe seo, tá an Grúpa Stiúrtha agus na grúpaí oibre atá ag tuairisciú dó tar éis teacht le chéile roinnt uaireanta, agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas bearta breise sa réimse seo a fhógairt sna míonna seo amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.