Written answers

Friday, 7 September 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na gCúntóirí Teanga

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1450. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbeidh €1.2 milliún, mar a fógraíodh i mí an Mheithimh, ar fáil anois do chlár na gcúntóirí teanga atá reáchtáil ag Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne do na scoileanna Gaeltachta; cén dáta tosaithe a bheidh ag clár na gcúntóirí teanga i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36511/18]

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1451. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhféadfaí cóip den tuarascáil a choimisiúnaigh a Roinn maidir le clár na gcúntóirí teanga a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36512/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 1450 and 1451 together.

Ba mhaith liom a dheimhniú gurb é allúntas méadaithe ar fiú suas le €1.02 milliún a d’fhógair mé i rith an tsamhraidh do Scéim na gCúntóirí Teanga i leith na scoilbhliana reatha 2018/2019. Tá bailchríoch á cur faoi láthair ag mo Roinn ar na socruithe riaracháin a bhaineann leis an allúntas, i gcomhar leis an dá eagraíocht atá freagrach as an scéim a riar thar ceann na Roinne. Tá comhaontú feidhmíochta sínithe idir an Roinn agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus tá na cúntóirí tosaithe ar ais sna scoileanna ó dheas ó thús na seachtaine seo (3 Meán Fómhair). Táthar ag súil le comhaontú feidhmíochta sínithe a fháil ó Mhuintearas an tseachtain seo chugainn agus beidh sé suas ag an eagraíocht sin ansin dáta a shocrú le go dtosóidh na cúntóirí ar ais i mbun a gcuid oibre i scoileanna Dhún na nGall, na Gaillimhe, na Mí agus Mhaigh Eo. 

In ainneoin tuairiscí dá mhalairt sna meáin le déanaí, is féidir liom a dheimhniú nach bhfuil an t-athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga, a choimisiúnaigh mo Roinn, críochnaithe go fóill. Táthar ag súil leis an athbhreithniú seo a bheith críochnaithe agus tuarascáil ina leith foilsithe roimh dheireadh na bliana.

 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.