Written answers
Thursday, 12 July 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí trí Ghaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
764. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon phlé aici nó ag a Roinn le Banc Ceannais na hÉireann maidir leis an ngá atá ann go mbeidh seirbhísí Comhair Creidmheasa as Gaeilge ar fáil ar fud an stáit; cérbh é toradh na gcomhráití sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31929/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bíonn plé ag mo Roinn le Banc Ceannais na hÉireann maidir lena scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tháinig an dara scéim dá chuid i bhfeidhm ar 18 Eanáir 2016 agus tá iarrtha air anois faoi Alt 15 den Acht an chéad scéim eile a ullmhú.
Níor pléadh na seirbhísí a chuireann Comhair Chreidmheasa as Gaeilge ar fáil ar fud na tíre leis an Bhanc Ceannais mar nach bhfuil ról monatóireachta teanga den tsaghas sin ag an Bhanc Ceannais.
No comments