Written answers
Wednesday, 11 July 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
600. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht léiriú a thabhairt ar an mbunús dleathúil atá ann maidir le Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar an mbonn 75% ón a Roinn agus 25% ón Roinn Pobal i dTuaisceart na hÉireann agus tagairt a dhéanamh don dlí nó don ionstraim reachtúil a chuireann i scríbhinn an chomhréir seo. [31238/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoi réir fhorálacha an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Mír 2.1 de Cuid 7 d'Iarscríbhinn 2 don Chomhaontú sa Sceideal), is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, le ceadú na nAirí Airgeadais, a dhéanann moltaí maidir leis na buiséid d'Fhoras na Gaeilge a íoctar as airgead a vótáiltear i dTionól Thuaisceart Éireann agus i nDáil Éireann.
Tuigtear dom gur socraíodh ar chóimheas 75:25 mar ráta cómhaoinithe d'Fhoras na Gaeilge ag eascairt as breithiúnas ar an tionchar a bheadh i gceist don dá dhlínse agus go bhfuil buiséid ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas d'Fhoras na Gaeilge ar an mbonn sin ón gcéad lá.
No comments