Written answers

Tuesday, 10 July 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Forbairt Calaí agus Céanna

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

983. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí eolas faoin dul chun cinn atá déanta go dáta maidir le Togra Ché Mhachaire Rabhartaigh; an dtabharfaidh sí eolas i dtaobh cén uair a mheasann sí a chuirfear tús leis an obair ag an ché agus cén uair a bheidh cead tugtha le bogadh ar aghaidh go dtí an staid tógala; an ndéanfaidh sí a chinntiú fosta go mbeidh maoiniú curtha i leataobh don togra mar pháirt den Phlean Náisiúnta "Éire 2040" agus nach mbeidh cómhaoiniú ag teastáil ón Údarás Áitiúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31039/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is faoi chúram Comhairle Contae Dhún na nGall atá Cé Mhachaire Rabhartaigh. Tá forbairt na Cé luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta mar cheann de na tograí oileánacha a mhaoineofar faoin Phlean. Tá an togra pléite ag mo Roinn leis an gComhairle Chontae agus tá plean don fhorbairt le dearadh agus beidh innealtóirí comhairleacha le ceapadh chuige sin. Mar aon le haon togra mór infreastruchtúir, cuirfear an togra seo i gcríoch go céimiúil i ndáil le riachtanais an Chóid Caiteachais Poiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.