Written answers

Tuesday, 26 June 2018

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

376. To ask the Minister for Health an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27809/18]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Oifigeach Gaeilge ar leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta fostaithe i mo Roinn. Oibríonn an tOifigeach sin san Aonad Acmhainní Daonna agus tá dualgais Acmhainní Daonna uirthi i dteannta na ndualgas atá uirthi mar Oifigeach Gaeilge. Is é ról an Oifigigh Ghaeilge a chinntiú go mbíonn baill foirne ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí i ndáil le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus a chinntiú go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí sin. Níl aon cheanglas ann go seolfaí an gnó sin trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.