Written answers

Tuesday, 26 June 2018

Department of Jobs, Enterprise and Innovation

Foireann Roinne

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

284. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27800/18]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 898 duine fostaithe i mo Roinn faoi láthair. Toisc go bhfuil éileamh íseal ar sheirbhísí a fháil trí mheán na gaeilge i mo Roinn, níl postanna daingnithe nó aitheanta ina mbeidh gá le gaeilge mar riachtanas ann.

Tá an Roinn tiomanta go hiomlán don Scéim Teanga 2015-2018, a ullmhaíodh de bhun Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuireann an scéim seo le prionsabail na Seirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus le Cairt Chustaiméirí na Roinne, lena chinntiú nach mbeidh aon constaic roimh chustaiméirí na Roinne ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. I gcomhréir leis an Scéim seo, tá mo Roinn tiomanta do measúnú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar bhealach beartaithe, comhleanúnach ina mbeidh teacht ag daoine air.

I 2017, iniúchadh an tAonad um Fhoghlaim agus um Fhorbairt sa Roinn an méid cainteoirí Gaeilge i measc líon foirne na Roinne. Léirigh an t-iniúchadh sin go raibh 10 baill foirne agus iad inniúl ar an ngaeilge agus 5 eile ar cainteoirí líofa iad. Anuas ar sin, lena chinntiú go bhfuil mo Roinn i gcónaí in ann seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge, tugann an tAonad sin deiseanna do fhostaithe na Roinne cúrsaí gaeilge a dhéanamh le OneLearning chun a scileanna Gaeilge a fheabhsú. Táthar ag cur na hoiliúna sin ar fáil le go mbeidh cohórt ball foirne ar fáil againn chun cabhrú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid a dhéanamh leis an Roinn trí Ghaeilge. I dtaca leis an sprioc sin, tá 17 baill foirne tar éis cúrsa oiliúna a dhéanamh nó a chríochnú i mbliana (féach thíos).

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

LeibhéalLíon Foirne
Leibhéal 411
Leibhéal 51
Leibhéal 63
Cúrsa bunleibhéil ar líne2
Iomlán17

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá treoir faighte ag an Roinn dréachtscéim nua a ullmhú agus a chur faoi bhráid mo chomhleacaí, an t-Aire Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, níos déanaí i mbliana. Leis an scéim nua, cuimseofar an tréimhse 2019-2022 agus cuirfear leis na gealltanais a rinneadh i scéim ghaeilge reatha na Roinne. Agus an dréachtscéím nua á ullmhú, cuireadh comhairliúchán poiblí ar bun ar na mallaibh agus cuirfear gach aon aighneacht faighte san áireamh mar chuid den phróiseas sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.