Written answers
Tuesday, 26 June 2018
Department of Justice and Equality
Foireann Roinne
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
253. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27811/18]
Charles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá post lánaimseartha amháin ag mo Roinn, post Aistritheora, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh an sealbhóir dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Tá an post sin coibhéiseach le grád an Phríomhoifigigh Chúnta. Cuidíonn an tAistritheoir, a mbaineann a phríomhról le Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge, leis an Roinn maidir le cúrsaí Gaeilge i gcoitinne, chomh maith. Déanann sé formhór a chuid oibre trí Ghaeilge.
Ina theannta sin, tá cohórt de 45 oifigeach sa Roinn atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (is é sin, ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge. Déanann mo Roinn oiliúint agus tacaíocht a thairiscint do na hoifigigh go léir ar mian leo a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt.
No comments