Written answers

Tuesday, 26 June 2018

Department of An Taoiseach

Foireann Roinne

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

64. To ask the Taoiseach an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; agus an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. [27814/18]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceapadh Oifigeach Gaeilge i mo Roinnse in 2005 chun tacú le tiomantas na Roinne cultúr a spreagann úsáid na Gaeilge laistigh den Roinn agus sa bplé a bhíonn againn lenár gcuid custaiméirí a fhorbairt agus a choinneáil. Tá an duine sin freagrach freisin as a chinntiú go gcloítear le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus go ndéantar Scéimeanna Gaeilge na Roinne a fhorbairt de réir an Achta. Tá an tOifigeach Gaeilge - atá ag leibhéal Oifigeach Cúnta (Ard) - líofa sa Ghaeilge agus ábalta dul i mbun a cuid oibre trí Ghaeilge. Chomh maith le bheith ina Oifigeach Gaeilge, is oifigeach í sa Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta, áit a dhéanann sí anailís ar bheartais fhorbartha inmharthana, lena n-áirítear athrú aeráide.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.