Written answers

Tuesday, 26 June 2018

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

117. To ask the Minister for Finance an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27807/18]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ar mo chomhghleacaí, An tAire Josepha Madigan TD, An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá an fhreagracht maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Scéimeanna Gaeilge. 

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go ndéantar foráil i Scéim Gaeilge na Roinne Airgeadais 2018-2021  Oifigeach Gaeilge a bheith ag mo Roinn.  Is é Oifigeach Comhlíonta na Roinne, atá ag leibhéal Príomhoifigeach Cúnta, atá i ról an Oifigigh Ghaeilge faoi láthair agus atá freagrach as ábhar a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 sa Roinn.Tá an ról sin sa bhreis ar na dualgais eile atá leagtha ar an Oifigeach Comhlíonta sa Roinn.

Tá forálacha i bhfeidhm ag mo Roinn chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal agus leagtar amach go mionsonraithe iad sin i Scéim Teanga na Roinne ar féidir í a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne nó ag an nasc:https://www.finance.gov.ie/ga/updates/language-scheme-2018-2021/

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil mo Roinn tiomanta do sheirbhísí ar ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil dá cuid custaiméirí agus a chinntiú go mbeidh acmhainní cuí teanga sa Roinn chun an méid seirbhísí Gaeilge atá de dhíth a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.