Written answers

Tuesday, 26 June 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foireann Roinne

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

617. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27803/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Scéim Teanga mo Roinne, a ullmhaíodh i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, le fáil ar Shuíomh Gréasáin mo Roinne (www.chg.gov.ie).

San áireamh sa Scéim, tá sonraí maidir le seirbhísí a sholáthraíonn mo Roinn trí Ghaeilge agus leagtar amach inti freisin líon post atá ainmnithe mar phoist Gaeilge sa Roinn. Agus na poist seo á n-ainmniú, tugadh aird ar leith ar na poist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus ar phoist atá lonnaithe lasmuigh de cheantair Ghaeltachta a bhfuil idirghníomhaíocht shuntasach i gceist leo le pobail agus cliaint Ghaeltachta agus/nó a labhraíonn Gaeilge.

Cé nach bhfuil Oifigeach Gaeilge ceaptha ag mo Roinn, tá dualgas maoirseoireachta ar fheidhmiú Scéim na Gaeilge ar Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin san Aonad um Rialachas Corparáideach faoi láthair atá in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.