Written answers
Tuesday, 26 June 2018
Department of Rural and Community Development
Foireann Roinne
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
524. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27813/18]
Michael Ring (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bunaíodh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar an 19 Iúil, 2017, chun fócus athnuaite agus comhdhlúite a sholáthar ar fhorbairt tuaithe agus pobail in Éirinn.
Níl aon poist sa Roinn agus baint riachtanach ag an nGaeilge leis, áfach, aithníonn an Roinn an cúram chun seirbhísí áirithe a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Tá roinnt daoine sa roinn agus is féidir leo déileáil le freagracht agus fiafraí trí Ghaeilge, de réir mar is gá.
Leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 creat reachtúil do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge. Tá céad Scéim Teanga na Roinne á dréachtadh faoi láthair de réir a ndualgas reachtúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
No comments