Written answers
Tuesday, 26 June 2018
Department of Children and Youth Affairs
Foireann Roinne
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
512. To ask the Minister for Children and Youth Affairs an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27801/18]
Katherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá roinnt oifigigh i mo Roinn atá ábalta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Tá beirt oifigeach fostaithe i mo Roinn a earcaíodh ón tsruth Ghaeilge i gcomórtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí a bhain le hOifigigh Chléireachais agus le hOifigigh Fheidhmiúcháin; chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge. Cuireann an bheirt acu seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ach tá dualgaisí breise acu chomh maith.
No comments