Written answers

Thursday, 21 June 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Oileán

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

25. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici maoiniú a sholáthar d'oileáin i nDún na nGall maidir le bóithre poiblí ar na hoileáin éagsúla; an ndeimhneoidh sí an bhfuil allúntas leagtha amach i mbuiséad na Roinne i mbliana dó sin, agus an mbeidh allúntas breise ar fáil d'oileáin i mbuiséad 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26836/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann mo Roinn cuireadh bliantúil do Chomhairlí Chontae a bhfuil oileáin faoina gcúram iarratas a chur chuici ar chomh-mhaoiniú do thograí mionoibreacha ar na hoileáin úd.  Áirítear cúnamh do bhóithre poiblí i measc na dtograí i gceist.  Sa bhliain 2017, chuir mo Roinn chomh-mhaoiniú de €450,750 ar fáil do Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir le mionoibreacha ar oileáin faoina cúram.  Tá na hiarratais atá faighte ag mo Roinn i leith chlár mionoibreacha 2018 do na hoileáin á meas faoi láthair.   

Níl an buiséad a bheidh ar fáil do mo Roinn do thograí caipitil ar na hoileáin in 2019 socraithe fós ach is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mé féin agus mo Roinn tiomanta d'fhorbairt infrastrachtúr n-oileán amach ón gcósta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.