Written answers
Thursday, 21 June 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
20. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht céard é stádas na gcúig phlean teanga atá curtha ós comhair na Roinne faoi láthair; cén uair a bheidh siad faofa aici; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27071/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith na limistéir pleanála teanga Gaeltachta a leanas: An Cheathrú Rua; Maigh Eo Thuaidh, Árainn Mhór agus Conamara Láir.
Fearacht gach plean eile a chuirtear faoi mo bhráid chun críche faofa, tá na pleananna sin á mbreithniú i gcomhréir lena bhfuil leagtha amach sna Treoirlínte Pleanála Teanga a d'eisigh an Roinn in 2014 mar áis do gach páirtí leasmhar atá bainteach le hullmhú agus le feidhmiú plean teanga faoin bpróiseas.
Agus an próiseas breithnithe sin thart, cuirfear moltaí i leith na gceantar atá luaite agam faoi mo bhráid le ceadú.
No comments