Written answers
Thursday, 21 June 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
49. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ós rud é gurbh é mí Iúil na bliana seo caite an chéad sprioc a luadh leis an bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, an bhfuil náire uirthi go raibh moill bliana lena fhoilsiú agus an bhfuil aon athruithe curtha i bhfeidhm aici chun a chinntiú nach dtárlódh a leithéid de mhoilleadóireacht arís. [27055/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar atá ráite agam roimhe seo mar fhreagra ar Cheisteanna Dála eile faoin ábhar seo, ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, ba ghá le plé agus idirbheartaíocht chuimsitheach a dhéanamh le Ranna Stáit ábhartha agus le páirtithe leasmhara eile maidir le hullmhú an Phlean Gníomhaíochta. Rinneadh é sin ar mhaithe lena chinntiú, oiread agus is féidir, go mbeadh téagar cuí leis na bearta a bheidh leagtha amach sa chlár.
Mar atá mínithe agam go minic roimhe seo chomh maith, is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am chun nithe a aontú le páirtithe leasmhara éagsúla a bheidh freagrach i ndeireadh báire as pé beart a aontaítear a fheidhmiú, de réir mar a bhaineann sé leo.
In éindí le léargas a thabhairt faoina bhfuil déanta ó seoladh an Straitéis in 2010 chun cúram a dhéanamh de 9 réimse gnímh na Straitéise, leagfar amach go beacht sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 cad atá beartaithe ag gach páirtí leasmhar a dhéanamh chun dlús a chur le feidhmiú na Straitéise idir seo agus 2022.
Leagfar amach sa phlean, dá réir, raon bearta agus tionscnamh a chuirfear sa tsiúil thar an tréimhse mar a bhaineann leis na réimsí gnímh chomh maith le ráthchlár mar a bhaineann sé le feidhmiú gach birt faoi leith.
Tá lúchair orm a fhógairt go bhfuil na socruithe idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun an plean a sheoladh ar an Aoine 29ú Meitheamh 2018.
No comments