Written answers

Thursday, 21 June 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Oideachais sna Gaeltachtaí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

47. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon phleananna aici cúntóirí teanga a chur isteach i scoileanna nach bhfuil aon chúntóirí teanga acu agus atá páirteach sa Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta de chuid na Roinne Oideachais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26705/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá luaite agam cheana féin faoin ábhar seo níl aon fhógra déanta agam fós maidir leis na scoileanna a bheidh ag fáil tacaíochta faoi Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2018/19.

I láthair na huaire, tá mo Roinn ag tabhairt faoi athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga lena chinntiú go bhfuil an scéim ag feidhmiú ar an gcaoi is fearr is féidir mar thaca don Phróiseas Pleanála Teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta araon. Is é Lárionad Taighde agus Foghlama Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá i mbun an athbreithnithe thar ceann na Roinne.

Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, tá na socruithe idir lámha ag mo Roinn, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara atá ag plé le riar na scéime thar ceann na Roinne, i dtreo allúntas na scoilbhliana 2018/2019 a fhógairt go luath.

Is féidir leis an Teachta glacadh leis gur i dtreo cur leis an líon scoileanna atá aitheanta faoi Scéim na gCúntóirí Teanga, agus í a threisiú tuilleadh de thoradh an athbhreithnithe, atá mo Roinn ag díriú i rith an ama.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.