Written answers
Tuesday, 12 June 2018
Department of Education and Skills
Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
333. To ask the Minister for Education and Skills maidir le ceist 157 an 28 Márta 2018, an bhfuil an fhaisnéis a bhí á lorg ag an Roinn faighte; an ndéanfaidh sé soiléiriú a thabhairt maidir le stádas an iarratais atá déanta ag an scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24630/18]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, cheadaigh mo Roinnse deontas suntasach cineachta i Meán Fómhair 2014 don scoil i dtrácht le haghaidh leathnú buan agus oibreacha athchumraíochta a d’fhágfadh go bhféadfaí gach cóiríocht réamhdhéanta a bhaint de shuíomh na scoile.
Beidh a fhios agat go bhfuil an plean costais athcheartaithe, a fuarthas ó údarás na scoile mí Aibreáin seo caite, á scrúdú faoi láthair agus beidh mo Roinnse i dteagmháil leis an scoil mar gheall air go luath.
No comments