Written answers

Tuesday, 12 June 2018

Department of Children and Youth Affairs

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1147. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cad iad na tacaíochtaí breise Gaeilge a bheidh á gcur ar fáil i mbliana agus cé mhéad airgead a chaithfear ar na tacaíochtaí sin do na suíomhanna luathbhlianta atá ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta [25148/18]

Photo of Katherine ZapponeKatherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mór againn go léir sa Roinn seo cúnamh na seirbhísí chúram leanaí sa Ghaeltacht chomh maith leis an ról tábhachtach atá ag Naíonraí ar fud na tíre.

San am a chuaigh thart, ní raibh na tacaíochtaí do sheirbhísí chúram leanaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge i gcónaí chomh maith agus ab fhéidir nó chomh agus ba cheart dóibh a bheith, agus glacaim leis sin. Tá sé sin ag athrú. Bhunaigh mé Fóram Luathbhlianta in 2016 chun dul i gcomhairle le páirtithe tábhachtacha leasmhara san earnáil agus chuir mé dhá áit ar fáil d'ionadaithe Gaeilge ar an bhFóram. Bhí siad ina n-ionadaithe do sheirbhísí luathbhlianta a fheidhmíonn sa Ghaeltacht agus tá siad tar éis roinnt ceisteanna a tharraingt anuas liom go díreach.

Go háirithe le sé mhí anuas, tá iarrachtaí móra déanta chun teagmháil níos fearr le seirbhísí chúram leanaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge a áirithiú. Dáileadh leabhráin eolais agus póstaeir, a bhaineann lenár bhfóirdheontais nua chúram leanaí, ar sheirbhísí Gaeilge agus anois tá faisnéis oibríochtúil agus cumarsáid laethúil á scaipeadh sa dá theanga go rialta. Na bileoga agus na póstaeir atá le scaipeadh sna seachtainí atá amach romhainn ar chlinicí dochtúirí teaghlaigh, ar leabharlanna agus ar cheantair phoiblí eile, tá siad ullmhaithe sa dá theanga. Tá roinnt cainteoirí Gaeilge earcaithe d'Aonad na Luathbhlianta i mo Roinn agus tá siad ag cabhrú leis an obair seo agus lenár gcomhoibriú leanúnach.

Tá Plean Gnímh 5 Bliana, a eascraíonn ón Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, á fhorbairt ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhairle leis an Roinn seo agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá gníomhartha faoi leith sa phlean gnímh seo atá le cur i bhfeidhm i réimse na suíomhanna luathbhlianta. Sa phlean, tá an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige freagrach as cur i bhfeidhm roinnt gníomhartha uileghabhálacha chun oideachais trí Ghaeilge a thacú i naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.

Chomh maith leis sin, tá obair ar bun faoi láthair chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag Gaeilgeoirí ar ár gcórais IT amach anseo, an Scéim Chúram Leanaí Inacmhainne mar shampla, agus tá soláthróirí chúram leanaí agus tuismitheoirí araon i gceist leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.