Written answers
Tuesday, 22 May 2018
Department of Education and Skills
Oideachas Riachtanas Speisialta
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
186. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad den 19 dteiripeoir urlabhra agus teanga agus den 12 theiripeoir saothair atá le fostú sa scéim phíolótach a fógraíodh an 14 Bealtaine a mbeidh sé riachtanach go mbeidh siad in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge; agus an bhféadfadh an tAire a chur in iúl cé mhéad scoil agus réamhscoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge atá san áireamh sa 150 scoil agus réamhscoil roghnaithe le bheith mar chuid den scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22045/18]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
D’fhógair mé le gairid go dtabharfar isteach tionscadal léirithe chun seirbhísí teiripe réamhscolaíochta a sholáthar don scoilbhliain 2018/19.
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta a dhéanfaidh bainistiú agus comhordú ar an tionscadal.
Is iad na Ranna Oideachais, Gnóthaí Leanaí agus Óige, Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a d’fhorbair an tsamhail, agus tá sé mar chuid d’aidhm fhoriomlán an rialtais cuidiú le gach leanbh barrchumas a bhaint amach.
Is é cuspóir an tionscadail seo ná tástáil a dhéanamh ar thacaí teiripeacha saincheaptha trínar féidir idirghabháil luath a dhéanamh maidir le teiripe cainte, teanga agus teiripe shaothair a sholáthar laistigh de ‘chomthéacsanna oideachais’. Comhlánóidh an clár píolóltach nuálaíoch seo soláthar reatha maoinithe FSS ar sheirbhísí riachtanacha teiripe.
Glacfaidh 75 scoil, lena n-áirítear sampla ionadaíoch de bhunscoileanna, d’iarbhunscoileanna agus de scoileanna riachtanais speisialta páirt sa tionscadal. Glacfaidh 75 réamhscoil páirt fosta.
Tá an tionscadal ag tarlú in Eagraíocht Shláinte an Phobail Réigiún 7 de Bhaile Átha Cliath Thuaidh Theas, Cill Dara agus Iarthar Chill Mhantáin agus is as na ceantair seo dá réir a bheidh na scoileanna.
As an 75 scoil a bhfuiltear ag tabhairt cuiridh dóibh a bheith páirteach is Gaelscoil atá i dtrí cinn acu, agus déantar an teagasc trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla i scoil eile.
Mar chuid den chlár, earcóidh an FSS 19 teiripeoir urlabhra agus teanga agus 12 Teiripeoir Saothair chun a bheith ag obair sa 150 scoil agus réamhscoil. Earcóidh an NCSE 2 Comhordaitheoir Náisiúnta chun an tionscadal a bhainistiú.
Glacfar inniúlacht teiripeoirí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla sa phróiseas earcaíochta agus teiripeoirí a chur chuig Gaelscoileanna.
Sa tionscadal seo tógfar le chéile teiripeoirí agus gairmithe oideachais a bhíodh ag feidhmiú go minic go dtí seo ar leithligh.
Beidh siad in ann a bheith ag obair le chéile chun a gcuid eolais ghairmiúil agus saineolas a phleanáil, a chomhroinnt agus a chomhoibriú ionas gur féidir tacaíocht níos éifeachtúla a thabhairt do líon níos airde daltaí i dtimpeallachtaí scoile, mar ar minic a bhíonn gá ollmhór ann.
No comments