Written answers

Wednesday, 16 May 2018

Department of Public Expenditure and Reform

Caiteachas Ranna

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

91. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform maidir le Ceist Dála Uimhir 100 ar an 9ú Bealtaine 2018, cad chuige gur i mBéarla a freagraíodh an cheist seo. [21502/18]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níorbh fhéidir an PQ a fhreagairt i nGaeilge sa tréimhse ama toisc srianta ama. Tá an freagra 9ú Bealtaine aistrithe go Gaeilge anois thíos:

“Ba é ceann de na cuspóirí ar bhain le Ceadúnas don Chrannchur Naisiúnta do thréimshe 20 bliain a dhíol ná fáltais láithreach a ghiniúint don Stát. Úsáideadh an €405, fáltas ó dhíol an cheadúnais, le tionscadail chaiteachais a mhaoiniú agus laghdaíodh an gá le méaduithe cánacha ag an am sin dá bharr.

"Is d’fhreagracht na Ranna áirithe é an leithroinnt maoiniúcháin ó na fo-cheannteidil atá maoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta sin a leagan amach. Tá na Ranna agus Gníomhaireachtaí áirithe leagtha amach i bhfoscríbhinn 1 sa Mheastacháin Athbhreithnithe go bliaintiúil.

"Foilsíonn An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta eolas atá bainteach leis an gcaiteachas arna pháirt-chistiú ag an gCrannchur Náisiúnta ar a suíomh gréasáin go bliaintiúil. Nasc thíos. Déantar cur síos ar na fo-cheannteidil A9, B3 agus C4 mar ‘pháirt-chistiú ag an gCrannchur Náisiúnta’ sa Mheastacháin Athbhreithnithe. Baineann an t-eolas faoi C4 go díreach leis an nGaeilge.www.chg.gov.ie/about/finance-evaluation/national-lottery-funding/.

"Tá an nasc don Tuarascáil 2014 thíos:www.chg.gov.ie/app/uploads/2015/07/National_Lottery_Funding_2014.pdf”.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.