Written answers
Tuesday, 15 May 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt Calaí agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
607. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist ag a Roinn i gcomhar le pobal Árann agus Comhairle Contae na Gaillimhe plean forbartha a réiteach do chalaphort Chill Rónáin le go mbeidh saoráidí níos fearr ann do na báid iascaigh, na báid farrantóireachta agus na báid pléisiúir agus do gach duine a úsáideann an ché; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20877/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Calafort Chill Rónáin faoi chúram Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Is faoin eagraíocht sin a bheadh sé, dá réir, aon phlean faoi fhorbairt an chalafoirt a réiteach. Mar is eol don Teachta, tamall de bhlianta ó shin, chuir mo Roinn maoiniú substaintiúil ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an calafort a athchóiriú.
Éisteoidh mise agus mo Roinn araon le haon tuairimí ón gComhairle agus, go deimhin, ó phobal an oileáin faoin ábhar luaite.
No comments