Written answers
Wednesday, 9 May 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Oideachas Gaeilge
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
293. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí ar an eolas faoi na deacrachtaí atá ag coláiste Gaeilge i gContae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) maidir le tacaíochtaí airgeadais a fháil ó na gníomhaireachtaí ábhartha, rud a fhágann nach dtig leis an gcoláiste rochtain a fháil ar roinnt de na scéimeanna atá dírithe ar an nGaeilge a theagasc do scoláirí; an iarrfaidh sí ar oifigigh na Roinne an cás seo a chíoradh agus dul i dteagmháil leis an gcoláiste d’fhonn cuidiú a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20220/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá iarrtha agam go rachadh ionadaí mo Roinne i dteagmháil leis an gcoláiste atá i gceist faoin ábhar seo chomh luath agus is féidir. Ní mór dom a chur in iúl don Teachta, áfach, gurb í mo Roinn fhéin an príomheagraíocht Stáit a chuireann tacaíochtaí ar fáil, idir dheontais do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus deontais caipitil do na coláistí féin, d'earnáil na gcoláistí Gaeilge. Tá iarrtha agam ar mo chuid oifigigh lucht bainistíochta an choláiste a chur ar an eolas maidir leis na tacaíochtaí seo chomh maith.
No comments