Written answers

Wednesday, 9 May 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na mBóithre Áise

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

32. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí cur síos ar na pleananna atá aici scéim na mbóithre áise a chur ar bun an athuair do bhóithre nach bóithre contae iad, bóithre áise a fhad le tithe agus feirmeacha, i gceantar na Gaeltachta amháin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19976/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Scéim na mBóithre Áise de chuid na Roinne, a bhfuil tagairt déanta di ina cheist ag an Teachta, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le obair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre beaga faoi leith sa Ghaeltacht.

Le go mbeadh bóthar cáilithe chun críche na scéime ba ghá roinnt coinníollacha faoi leith a bheith comhlíonta, ina measc; gur bóthar é nach raibh faoi chúram an údaráis áitiúil ábhartha agus gur bóthar é a bhí ag freastal ar theach amháin ar a laghad móide gabháltas talún nach le húinéir an tí é. Bhí sé mar choinníoll faoi leith chomh maith nach raibh aon gheata transna an bhóthair a thabharfadh le tuiscint don saol fodhlach go raibh cosc orthu an bóthar a úsáid. Mar is eol don Teachta tá an scéim ar fionraí le tamall de bhlianta anois.

Tuigtear go gcuimsítear feabhas ar bhóithre den chineál atá luaite faoi Scéim Feabhsúcháin Áitiúil atá faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.