Written answers

Wednesday, 9 May 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Limistéir Pleanála Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

69. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí soiléiriú maidir leis na limistéir Phleanála Teanga i nGaillimh agus, go háirithe, maidir le stádas na bPleananna Teanga sa Chathair agus sa Chontae; cé mhéad plean atá faofa ag an Aire agus cé mhéad airgead atá curtha ar fáil chun na pleananna seo a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20132/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaithe le tacú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga mar a leagtar amach é faoi Acht na Gaeltachta 2012, cuireann mo Roinn cistíocht bhliantúil ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhorás na Gaeilge chun cuidiú le heagraíochtaí pobalbhunaithe a roghnaíonn an tÚdarás agus an Foras chun pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm i leith na Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta, na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge mar a bhaineann sé leo faoi seach.

Maidir le Cathair na Gaillimhe atá aitheanta faoin bpróiseas mar cheann den sé chinn déag de bhailte féideartha a d'fhéadfadh a bheith aitheanta in am trátha mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, ís í an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge, atá freagrach go príomha as plean a ullmhú agus a fheidhmiú don chathair i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Tuigtear don Roinn go bhfuil an eagraíocht i mbun comhairle phroifisiúnta a lorg faoi láthair chun cabhrú leo i dtreo tús a bheith curtha le hullmhúchán an phlean gan mhoill.

Ina theannta sin, ar ndóigh, agus mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse trí chéile, tá Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag leanúint orthu chun a chinntiú go ndéantar dul chun cinn breise in ullmhú pleananna teanga sna bailte éagsúla atá faoina gcúram.

Maidir le staid reatha an phróisis i nGaeltacht na Gaillimhe trí chéile, tá an próiseas idir lámha i ngach aon cheann den 10 limistéar pleanála teanga faoi láthair. Ceadaíodh plean teanga Chois Fharraige le gairid agus, mar a bhaineann sé le Gaeltacht na Gaillimhe, tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith limistéar na Ceathrún Rua chomh maith leis an limistéar Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.

Lena chois sin táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith na limistéar Ceantar na nOileán agus Conamara Láir á gcur faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa faoin Acht go luath agus ceaptar go mbeidh pleananna i leith na limistéir faoi leith: Maigh Cuilinn; Bearna agus Cnoc na Cathrach; Oirthear Chathair na Gaillimhe; agus an tEachréidh curtha faoi mo bhráid mo Roinne an bhliain seo chugainn.

Fágann sé seo uile go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh feidhmiú pleananna idir lámha i ngach aon cheann de na limistéir pleanála teanga i nGaeltacht na Gaillimhe faoi dheireadh na bliana seo chugainn chomh maith le dul chun cinn suntasach déanta maidir le plean teanga Chathair na Gaillimhe san achar ama céanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.