Written answers
Wednesday, 9 May 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Limistéir Pleanála Teanga
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
67. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas a chinnteoidh an tAire go bhfuil an t-airgead atá curtha ar fáil do phleanáil teanga caite ar phleanáil teanga agus é tagtha chun solais nach raibh ach 11% de mhaoiniú do phleanáil teanga caite uirthi. [20139/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030,a bhfuil an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach de, bunaíodh ciste faoi leith in 2014. Baineadh leas as an gciste seo ó 2014 i leith chun cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga, ar cuireadh tús lena fheidhmiú ar an talamh an bhliain sin, chomh maith le maoiniú a dhéanamh ar raon de thograí, bearta agus tionscnaimh faoi leith mar thaca breise d’fheidhmiú na Straitéise agus don phróiseas pleanála teanga, dá réir.
Ós rud é go bhfuil an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach d’fheidhmiú na Straitéise, ba ghá féachadh chuige, i gcomhthéacs an chúraim atá sannta dóibh faoin bpróiseas, gur cuireadh maoiniú a dhóthain ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge araon chun a chinntiú go mbeadh sé curtha ar a gcumas tacú mar ba ghá le hullmhúchán pleananna sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge de réir mar a bhain sé leo faoi seach thar an tréimhse.
Leagtar amach sa tábla a leanas an cionnroinnt den chiste iomlán a caitheadh go sonrach ar an bpróiseas thar an tréimhse 2014 go 2017:
- | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 |
---|---|---|---|---|
Údarás na Gaeltachta | €200,000 | €259,875 | €340,125 | €735,000 |
Foras na Gaeilge | - | - | - | €81,553 |
Beart agus tionscnaimh eile ar leas na Straitéise go príomha | €299,879 | €286,125 | €659,152 | €613,000 |
Mar a bhaineann sé le 2018, ní miste a nótáil go bhfuil allúntas ar fiú €2.65m curtha ar fáil faoin gciste sa bhliain reatha. Ós rud é go bhfuil an próiseas ag gluaiseacht ar aghaidh i mbliana ó ullmhúchán pleananna go dtí feidhmiú pleananna ó 2018 ar aghaidh, tá an ciste iomlán curtha i dtreo an phróisis chomh maith le roinnt bearta nua faoi leith a ndéanfar a mhaoiniú ar bhonn lárnach mar thaca breise do.
Tá mé muiníneach go mbeidh ar chumas na Roinne an maoiniú cuí a chur ar fáil agus an phróiseis ag dul chun cinn.
No comments