Written answers

Tuesday, 24 April 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

621. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad comhairle contae agus cathrach a bhfuil oifigeach Gaeilge lánaimseartha acu; cá mhéad acu a bhfuil oifigeach Gaeilge páirtaimseartha acu; cá mhéad acu nach bhfuil aon oifigeach Gaeilge acu ar chor ar bith; cén fáth nach bhfuil oifigeach lánaimseartha ag gach comhairle contae agus cathrach; cén plean atá aici chun a chinntiú go mbeidh oifigeach Gaeilge lánaimseartha ag gach comhairle contae agus cathrach; cathain a chuirfidh sí an plean sin i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17597/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo comhghleacaí, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, freagrach as an bplean fórsa oibre mar a bhaineann sé leis na húdaráis áitiúla, lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar an leibhéal fostaíochta sna húdaráis áitiúla. De bharr seo, bailíonn a Roinn eolas gach ráithe ar líon na bhfostaithe san earnáil sin. Ní thugann an t-eolas sin aon léargas ar líon na n-oifigeach Gaeilge atá fostaithe san earnáil i gcoitinne nó in aon Údarás Áitiúil ar leith, áfach. Mar sin, níl an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta ar fáil ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Aithním an obair fhiúntach atá ar bun ag an ngréasán d’Oifigigh Gaeilge atá gníomhach sna húdaráis áitiúla agus chas mé fhéin agus oifigigh mo Roinne leo mar ghrúpa ar dhá ócáid le breis is bliain anuas. Is léir ó na cruinnithe sin gur oifigigh iad atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge in earnáil an rialtais áitiúil agus tá moladh tuilte acu as an tiomantas sin.

Maidir le cúrsaí earcaíochta i gcoitinne, tá súil agam go gcuideoidh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 atá á dhréachtu faoi láthair le líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge á earcú don tseirbhís phoiblí. Beidh sé mar chuspóir sa Bhille seo go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí phoiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Tá an Bille seo ar chlár reachtaíochta an Rialtais le foilsiú le roimh an tsamhraidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.