Written answers

Thursday, 19 April 2018

Department of Education and Skills

Teagmháil na nÓg

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

147. To ask the Minister for Education and Skills ar iarr Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin cead air deireadh a chur leis an aon ionad amháin de Theagmháil na nÓg (Youthreach) atá suite i dTír an Fhia i nGaeltacht na Gaillimhe agus ina gcuirtear cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge; má d’iarr, ar tugadh an cead sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17204/18]

Photo of John HalliganJohn Halligan (Waterford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne oifigigh ó mo Roinn fiosrú le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB). Tá sé tugtha le fios acusan go bhfuil fás tagtha ar líon na scoláirí ón gceantar atá ag fanacht sa soláthar oideachais ag an dara leibhéal agus an Ardteistiméireacht á déanamh acu. Cuirtear fáilte roimh an bhfás sin agus dá bharr sin tá laghdú suntasach tagtha ar an éileamh atá ar sholáthar Theagmháil na nÓg. Fanfaidh ionad Theagmháil na nÓg i Leitir Móir oscailte don bhliain acadúil seo chugainn ionas gur féidir leis na scoláirí a gcuid staidéir a chríochnú agus teastas a bhaint amach. Tá sé curtha in iúl ag GRETB do mo Roinnse go bhfuil siad ag dul i gcomhairle le grúpaí agus eagraíochtaí pobail áitiúla chomh maith le SOLAS, an tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna, lena chinntiú go leanfar de bheith ag freastal ar na riachtanais oideachais agus oiliúna go léir atá ag an bpobal áitiúil agus ag na ceantair máguaird agus go ndéanfar soláthar do na riachtanais sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.