Written answers
Thursday, 19 April 2018
Department of Education and Skills
Tionscadail Tógála Scoileanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
141. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a cheadófar airgead chun síneadh a chur le scoil (sonraí tugtha) agus chun athchóiriú a dhéanamh uirthi freisin; an mbeidh mórán moille leis an gceadú ó tharla go bhfuil an t-eolas a bhí ar iarraidh curtha isteach anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17183/18]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoi mar is eol don Teachta, cheadaigh mo Roinn deontas cineachta nach beag leis an scoil i gceist i mí Mheán Fómhair na bliana 2014, chun síneadh buan agus oibreacha athchumraithe a dhéanamh lena n-éascófaí go mbainfeadh gach cóiríocht réamhdhéanta de shuíomh na scoile.
Is eol duit freisin go raibh mo Roinn ag feitheamh ar a thuilleadh eolais i ndáil le plean costais leasaithe, rud a fuarthas cúpla lá ó shin (13 Aibreán). Táthar ag iniúchadh an phlean costais leasaithe faoi láthair, agus beidh mo Roinn i dteagmháil leis an scoil faoin ábhar go luath.
No comments